SCOILEANNA
Is mar gheall ar ár n-obair i scoileanna a chabhraítear linn feasacht, suim agus rannpháirtíocht i gceol a spreagadh. Soláthraíonn ár bhfoirne ceoltóirí-oideachasóirí réimse clár rochtana ceoil do 38 scoil ar an meán i gContae Lú gach bliain.
TÁBHACHT AN TIÚINROIMH UIRLISÍ
Is é Tábhacht an Tiúin ár gclár ceoil luathbhlianta atá oiriúnach do réamhscoileanna agus do ranganna naíonáin . Forbraíonn páistí scileanna ceoil trí chluichí amhránaíochta, trí rím agus trí chnagcheol agus leas á bhaint as oideolaíocht a leithéid de Kodaly, Dalcroze agus Orff.
UIRLISÍ
Cuirimid deiseanna ar fáil do pháistí ag an mbunscoil scileanna seinnte a fhorbairt ar uirlisí éagsúla idir veidhlín, fhidil, mheascán téaduirlisí (veidhlín, vióla, dordveidhil, olldord), ucailéile agus amhránaíocht, fhliúit Shasanach agus chláirseach.
BUNADH BANNA
Is é Bunadh Banna ár mblaschlár gearr 6-8 seachtaine i bpopcheol le haghaidh bunscoileanna ina gcuimsítear teicneolaíocht cheoil, ucailéile, amhránaíocht agus méarchlár.
TRAICEANNA IDIRBHLIANA
Le haghaidh iar-bhunscoileanna , cuirimid Traiceanna Idirbhliana ar fáil, cúrsa trí lá le haghaidh grúpaí Idirbhliana ina gcuirtear modheolaíochtaí nua-aimseartha ceoil trí theicneolaíocht a úsáid i láthair daoine óga. Tá an deis ann freisin cuairt a thabhairt ar an mol Music Generation Lú i nDún Dealgan chun triail a bhaint as réimse leathan uirlisí popcheoil agus rac-cheoil agus páirt a ghlacadh i gceardlann léirithe banna.