Ensembles
Our vision is to make music a lifelong source of inspiration, confidence, and opportunity for children and young people, especially those facing barriers to accessing performance music education.
CEOLFHOIRNE TÉAD
Bíonn ár gclár Ceolfhoirne Téad ar siúl gach Satharn le linn an téarma scoile ag ár mol i nDún Dealgan. Cuirtear oiliúint ardchaighdeáin mar sheinnteoirí ceolfhoirne téad ar fáil mar chuid den chlár agus ár n-oideachasóirí ceoil Davide Forti (dordveidhleadóir) agus Francesca de Nardi (veidhleadóir) ina bhun. Is deis iontach é do sheinnteoirí óga bualadh le daoine eile, cairdeas saoil a chruthú agus scileanna nua ceoil a fhorbairt, nuair a ghlacann siad páirt i gceann dá gcuid ceolfhoirne.
Tá ballraíocht ar fáil do gach páiste agus duine óg agus níl aon ghá le tabhairt faoi éisteacht.
Tá trí ghrúpa ceolfhoirne againn chun freastal ar cineálacha éagsúla seanma agus aoiseanna; Téaduirlisí Sinsearacha le haghaidh déagóirí agus seinnteoirí ardchumais, Téaduirlisí Sóisearacha le haghaidh seinnteoirí idirmheánacha suas go 12 bhliain d’aois agus Téaduirlisí Tosaigh a thugann bealach forbartha ónár gclár téad scoile.
Grúpaí Aireagail
Is bealach iontach éifeachtach é Grúpa Aireagail chun forbairt mar cheoltóir. Foghlaimíonn seinnteoirí óga conas éisteacht go géar, cothromaíocht fuaime a aimsiú agus cumasc le daoine eile. Bíonn sé ina chabhair maidir le hiontonú, rithim agus luas a rialú sa chaoi is go mbíonn baill in ann fuaim chomhaontuithe a chruthú gan stiúrthóir a bheith leo.
Tá ár n-oideachasóir ceoil Francesca De Nardi i gceannas ar ár ngrúpaí aireagail agus bíonn cleachtaí seachtainiúla ar bun ag ár mol i nDún Dealgán tráthnóna Dé Céadaoin. Freastalaíonn grúpaí ar cheoltóirí óga ag leibhéal idirmheánacha agus ardchumais araon.
Cór Popcheoil
Is áit iontach é an Cór Popcheoil nuabhunaithe do pháistí agus daoine óga chun a nguth a chleachtadh, muinín a chothú agus spraoi a bheith acu agus iad i mbun ceoil a bhfuil an oiread sin tóir acu air.
Cuirtear spás spleodrach agus ionchuimsitheach chun amhráin a bhfuil tóir orthu a chanadh, comhcheoil a fhoghlaim agus canadh i dteannta a chéile ar fáil sa Chór Popcheoil agus ár gceoltóir gairmiúil agus cumadóir ina bhun —níl aon éisteachtaí de dhíth, níl de dhíth ach díocas!
Is cuma más ábhar aonréadaí é/í do pháiste nó más breá leo a bheith ag canadh i dteannta cairde, is bealach iontach atá anseo scileanna ceoil a fhorbairt, bualadh le cairde nua, agus blaiseadh a fháil don sásamh a bhaintear as canadh mar chuid de ghrúpa.
Bíonn cleachtaí seachtainiúla ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin inár mol i nDún Dealgán.
ENSEMBLES CLÁIRSEACH
Bunaíodh Clár Ensemble Cláirseach Music Generation Lú faoi stiúir Dheirdre Uí Bhuachalla, in 2012 chun cláirseoirí óga as gach cúlra ceoil a bhailiú i dteannta a chéile chun stór de cheol traidisiúnta agus popcheol na hÉireann a chur ar fáil. Tá ensembles cláirseach Sóisearach agus Sinsearach mar chuid den chlár reatha a ghníomhaíonn neamhspleách ar a chéile chomh maith le bheith ag feidhmiú i dteannta a chéile le haghaidh léirithe. Oibríonn baill ensemble sinsearacha go rialta i gcomhar le ensembles Music Generations Laoise, Mhaigh Eo agus Phort Láirge agus tugtar Harp Collective Music Generation orthu.
NÓS NUA – Youth Folk Orchestra
Is ensemble bríomhar a bhfuil 60 ball ann iadCeolfhoireann an Ghrúpa Óige, Nós Nua a bhfuil ceoltóirí óga bailithe i dteannta a chéile chun ceol traidisiúnta agus comhaimseartha a iniúchadh agus a sheinm.
Is comhar atá ann a bunaíodh in 2017, idir Music Generation Lú agus Ionad Oriall, Príosún Dhún Dealgán (an t-ionad réigiúnach atá ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann)
Freastalaíonn baill air ó fud réigiúin Oriall lena n-áirítear, contaetha Lú, na Mí, Mhuineacháin, Chabháin, Ard Mhacha chomh maith le codanna de Bhaile Átha Cliath, agus de Thuaisceart Éireann.
Cuirtear fáilte roimh réimse leathan uirlisí lena n-airítear cinn chlasaiceacha, agus seánraí eile, chun cóirithe ceoil tíre ar leith a chruthú. Tá an ensemble tar éis gníomhú thar na blianta i dteannta líon leathan de cheoltóirí mór le rá, ina measc, leithéidí ar nós, Ryan Molloy, Fergal Scahill, Mohsen Amini, Niamh Dunne, Zoë Conway, Lisa Canny, Dónal O Connor, Martin Power, Benedict Morris, Ryan Murphy, Éadaoin Ní Mhaicín agus Alfi.
Ar na léirithe atá curtha ar stáitse acu, tá Féile Cheolfhoireann na nÓg sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Féile Lá Fhéile Pádraig, Baile Átha Cliath, Fleadh Cheoil na hÉireann 2018-2019 agus 2022-2025. Chonacthas ar an teilifís iad ar Fleadh TV 2018, 2019 agus 2022, clár John Creedon, Atlas of Ireland agus chonacthas le déanaí iad ar chlár RTÉ, Up for the Match i dteannta Lisa Canny in 2023.
In 2024, sheol an ceolfhoireann a gcéad albam, Causeway, a cumadh i gcomhar leis an gceoltóir Albanach, a bhfuil duaiseanna buaite aige, Mohsen Amini.
Sceideal Cleachtaí: Bíonn cleachtaí ar siúl den chuid is mó le linn saoire scoile agus anois is arís ag an deireadh seachtaine, i nDún Dealgán.
Le haghaidh tuilleadh eolais: