Tá an-áthas orainn gur tugadh cuireadh dúinn a bheith rannpháirteach sa phíosa oibre seo atá ar scála mór a chum an cumadóir, Rhona Clarke, mar chuid de chomóradh 40 bliain de Líonra Ceoil.
Beidh ár gCeolfhoireann Shinsearach Téad ag dul i gcomhar le ensemble gairmiúil Trio Bohemo agus Cór Setanta, Dún Dealgan agus iad ag dul ar stáitse in Eaglais Naomh Peadar na hÉireann, Droichead Átha Dé Céadaoin 19 Aibreán 2026.

