Eolas Fúinne
Eolas Fúinne
Ó seoladh Music Generation Lú in 2011, is údar bróid dúinn é go bhfuil rochtain ar cheol a chumadh agus a fhoghlaim curtha ar fáil againn do na mílte duine óg go bliantúil. Cuireann ár dtionscnaimh fairsinge ar fud réimse an phopcheoil, an cheoil chlasaicigh agus traidisiúnta cur chuige úr ar fáil don oideachas i dtaibhiú ceoil
Is í an fhís atá againn ná a chinntiú go mbíonn an ceol níos fiúntaí agus níos iontaí!
Cuireann Ár gCláir Rochtana ceol ar fáil inár scoileanna áitiúla go díreach a thugann an deis do dhaltaí uirlisí a fhoghlaim, a bheith ag canadh, agus ceol a chruthú mar chuid dá lá scoile. (Léigh Tuilleadh – nasc le rannóg na scoileanna de leathanach an chláir)
Cuirimid ceachtanna tar éis scoile, ensembles, agus deiseanna cur i láthair ar fáil do gach leibhéal ag ár moil ceoil i nDún Dealgan agus Droichead Átha. (Léigh Tuilleadh – nasc le rannóg na mol ceol de leathanach an chláir)
Tá Music Generation Lú tiomanta don fhoghlaim atá bunaithe ar an bpáiste agus daoine óga a spreagann ceolmhaireachta agus ag tacú ag an am céanna le forbairt phearsanta agus folláine—anois agus amach anseo.
Is cuid muid de Music Generation, clár náisiúnta oideachais ceoil na hÉireann a thionscnaigh Líonra Ceoil agus atá á chistiú go comhpháirteach ag U2, The Ireland Funds agus an Roinn Oideachais agus Óige.
Ar an leibhéal áitiúil, tugann ár n-eagraíocht cheannasaí Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí ár gcomhpháirtí straitéiseach Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Lú, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus ár ngrúpa comhairleach deonach, Comhpháirtíocht Oideachais Cheoil Lú tacaíocht dúinn.